TEIDEAL AN PHOIST:  Oifigeach Cléireachais

CUR SÍOS AR AN bPOST:  I do ról le hOifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, beidh tú ag cinntiú riaradh laethúil éifeachtúil na hOifige. Áireofar leis sin cabhrú le Cinn Seirbhíse/Bainisteoirí obair chléireachais a chur i gcrích ar bhonn laethúil, cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal agus déileáil leis an bpobal, agus seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí á soláthar agat ar an teileafón agus trí ríomhphost agus tú ag obair faoi maoirseacht bainisteora ainmnithe. Bainfear leas as do scileanna TF le haghaidh próiseáil focal, scarbhileog, bunachair sonraí, ríomhphoist agus an Idirlín chun taifid ardchaighdeáin a choimeád ar bhealach críochnúil eagraithe. 

De bhreis air sin, tabharfaidh tú tacaíocht don fhoireann Airgeadais trí orduithe ceannaigh a ullmhú agus trí cheisteanna ó sholáthraithe a bhainistiú agus cabhróidh tú leis an Oifigeach Cumarsáide aon Fhaireachán Meán a dhéanamh de réir mar is gá. Is ról fadréimseach ilchineálach é an ról, áit a bhforbróidh tú do scileanna riaracháin. 

AN tÚDARÁS FOSTAÍOCHTA:                                          Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta

SUÍOMH GRÉASÁIN AN ÚDARÁIS FOSTAÍOCHTA:      https://www.rnl.ie

LÁTHAIR AN PHOIST:                                                       5 Duga Sheoirse, An Lárionad Seirbhísí
                                                                                            Airgeadais Idirnáisiúnta, Baile Átha Cliath 1

CÁILÍOCHTAÍ RIACHTANACHA:  Is bunriachtanas é taithí dhá bhliain ar a laghad sa Riarachán. An cumas chun an t-ualach oibre a chur in ord tosaíochta agus chun roinnt cúraimí a chur i gcrích ag an aon am amháin, dea-scileanna eagrúcháin agus solúbthacht.  Sárscileanna cumarsáide i scríbhinn agus ó bhéal.

Leabhrán Faisnéise agus Sonraí Iarratais

DÁTA DEIRIDH DON FHEACHTAS:       17.07.24 5pm