Is é an chúis atá leis sin ná go bhfuil baint ag cearrbhachas óige le raon díobhálacha, lena n-áirítear drochfheidhmíocht ar scoil agus fadhbanna meabhairshláinte. Gabhann le cearrbhachas freisin seans i bhfad níos airde go mbeidh fadhbanna cearrbhachais ag duine agus é/í ina (h)aosach.
Tá dianiarrachtaí á ndéanamh ag Rialálaí agus Oibritheoir an Chrannchuir Náisiúnta chun a mhinice a dhíoltar táirgí le mionaoisigh a laghdú. Tá treocht dhearfach le feiceáil i gcleachtadh Rúnsiopadóireachta an Rialálaí, agus tá comhlíonadh i measc miondíoltóirí níos airde inniu ná mar a bhí sé sé bliana ó shin. Is gá an scéal sin a fheabhsú go fóill, áfach, agus ba cheart d’aon duine a dhíolann táirgí Crannchuir Náisiúnta cloí i gcónaí leis an bprionsabal ‘Smaoinigh 21’.
Ní ghlacann an Rialálaí beag ná mór le díolacháin le leanaí, agus molann sé d’aon duine a fheiceann díolacháin den sórt sin an Crannchur Náisiúnta a chur ar an eolas faoi sin. Tabharfar aird chuí ar gach tuairisc agus déanfar gníomh leantach ina leith.
Trí labhairt le duine óg faoi chearrbhachas i dteanga intuigthe, is féidir leat cabhrú leis/léi na hiarmhairtí féideartha a thuiscint.
Ná lig do leanaí táirgí Crannchuir Náisiúnta a cheannach ná a imirt leat.
Ná tabhair táirgí Crannchuir Náisiúnta mar bhronntanas do mhionaoisigh do laethanta breithe ná d’ócáidí eile, is cuma cé chomh híseal agus atá luach an táirge.
Má tá imní ort faoi do chearrbhachas féin, nó faoi chearrbhachas aon duine mhuinteartha, féach na hacmhainní atá ar fáil chun cabhrú leat an ghníomhaíocht cearrbhachais a mheas agus aon tacaíocht a theastaíonn a fháil.