Is féidir gearáin faoin gCrannchur Náisiúnta a dhéanamh le hoibritheoir an Chrannchuir Náisiúnta, eadhon Premier Lotteries Ireland (PLI). Is féidir mionsonraí faoi phróiseas gearáin PLI a fháil sa Chód Cleachtais do Rannpháirtithe, atá ar fáil anseo.
Is féidir gearán a chomhdú freisin le hOifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta, i gcás go bhfuil an rannpháirtí den tuairim go ndearnadh sárú ar an Acht um Chrannchur Náisiúnta nó ar an gCeadúnas chun an Crannchur Náisiúnta a Oibriú. Breithneoidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta an gearán ó thaobh na rialála de agus breithneoidh sé cé acu a rinneadh aon sárú ar an Acht um Chrannchur Náisiúnta nó ar an gCeadúnas chun an Crannchur Náisiúnta a Oibriú nó nach ndearnadh. Ní fhéadfaidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta cur isteach ar chinneadh a thagann go hiomlán faoi shainchúram PLI ná an cinneadh sin a athrú. Ní fhéadfaidh sé ach a chinntiú go gcomhlíonann PLI an tAcht agus an Ceadúnas.
Aon rannpháirtí ar mian leis nó léi gearán a dhéanamh le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta an méid sin a dhéanamh i scríbhinn trí ríomhphost chuig info@rnl.ie nó tríd an bpost chuig
Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta
5 Duga Sheoirse,
L.S.A.I.,
Baile Átha Cliath D01 X8N7
Ba cheart breac-chuntas a thabhairt sa chomhfhreagras ar mhionsonraí iomlána an ghearáin agus a lua ann cé acu a thoilíonn nó nach dtoilíonn an rannpháirtí le heisiúint a mhionsonraí pearsanta nó a mionsonraí pearsanta agus a ghearáin nó a gearáin le PLI. Is féidir le rannpháirtí gearán ó bhéal a dhéanamh le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta trí ghlao a chur ar 01-8727932. Sa chás sin, scríobhfaidh Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta chuig an rannpháirtí, agus mionsonraí an ghearáin agus aon toiliú le mionsonraí pearsanta a thabhairt do PLI á ndeimhniú.
Caitheann Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta le gach gearán i modh rúin agus ní nochtfar mionsonraí faoi aon ghearán ach amháin de réir an dlí. Ar ghearán a fháil dó, breithneoidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta cé acu a thagann nó nach dtagann aon saincheisteanna rialála chun cinn i ndáil leis an ngearán. Má mheasann Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta go dtagann saincheisteanna rialála chun cinn, imscrúdóidh sé an ní, agus iarraidh á déanamh aige ar PLI aighneacht a dhéanamh. Tar éis na saincheisteanna iomchuí a bhreithniú, is féidir go gcuirfidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta an méid seo a leanas in iúl don ghearánach:
NÓ
Ag brath ar chastacht an ní, is féidir go dtógfaidh an próiseas seo roinnt ama. Tabharfaidh Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta freagra ar an ngearán ar dtús laistigh de 3 - 5 lá oibre.
Ní dhéanann an ceart atá ag rannpháirtí chun gearán faoi PLI a chomhdú le Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta aon difear don cheart atá aige nó aici chun sásamh a lorg sna cúirteanna. Má bhíonn tú míshásta leis an dóigh ar dhéileáil Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta leis an ngearán uait, féach an leathanach dar teideal Cairt Custaiméirí chun tuilleadh mionsonraí a fháil.
Má tharlaíonn sé go dteastaíonn cúnamh ó dhuine a bhfuil míchumas air nó uirthi chun gearán a dhéanamh, féadfaidh sé nó sí teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana, a chabhróidh leis nó léi a ghearán nó a gearán a dhéanamh. Is í Caroline Hayes an tOifigeach Rochtana agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag carolinehayes@rnl.ie nó ag 01-8727932
Tugtar breac-chuntas anseo ar nós imeachta gearáin Oibritheoir an Chrannchuir Náisiúnta.