Tá ceangal ar an Rialálaí na feidhmeanna sin a dhéanamh ar cibé slí is mó is dóigh leis nó léi a chinnteoidh:
a) go reáchtálfar an Crannchur Náisiúnta leis an gcuibheas uile is cuí,
b) go ndéanfar leasanna rannpháirtithe sa Chrannchur Náisiúnta a chosaint,
c) go ndéanfar inchothaitheacht fhadtréimhseach an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint.
agus, faoi réir na bpointí thuas a) go c), a chinntiú go mbeidh na hioncaim arna leithroinnt ar an bPríomh-Chiste lena n-íoc chun na gcríoch a cheadaítear leis an Acht (“Dea-Chúiseanna”) chomh mór agus is féidir faoi réir théarmaí an Cheadúnais.
Níl aon ról ag an Rialálaí in iarratais ar chistí le haghaidh Dea-Chúiseanna ná sna cistí sin a leithroinnt. Ba cheart iarratais ar chistiú a dhéanamh chuig an Roinn Rialtais ábhartha.