Sa bhliain 2018, choimisiúnaigh an Rialálaí mórthaighde neamhspleách chun a scrúdú conas a bhí earnáil miondíola na hÉireann ag comhlíonadh na rialacha lena rialaítear díol táirgí Crannchuir Náisiúnta le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Ba é an taighde sin an chéad taighde dá chineál riamh in Éirinn agus bhí na fionnachtana ina slat tomhais bonnlíne thábhachtach a d’fhéadfaí an Rialálaí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar thionchar aon ghníomhartha a dhéanfadh an tOibritheoir sa todhchaí chun feabhas a chur ar chomhlíonadh sa réimse tábhachtach sin i measc miondíoltóirí. 

Cé go raibh formhór na miondíoltóirí lánchomhlíontach, bhí an céatadán de mhiondíoltóirí nach raibh ag cur na rialacha chun feidhme i gceart suntasach agus do-ghlactha.

Chun a thomhas cá mhéad atá mionaoisigh ag ceannach táirgí Crannchuir Náisiúnta dáiríre, choimisiúnaigh an Rialálaí Ipsos MRBI chun dara píosa taighde a dhéanamh.  Sa chleachtadh leantach sin, fiafraíodh de shampla atá ionadaíoch go náisiúnta de 1005 leanbh idir 10 mbliana d’aois agus 17 mbliana d’aois ar cheannaigh siad nó nár cheannaigh siad ticéid Chrannchuir Náisiúnta iad féin lena n-airgead féin riamh. Sa fhreagra uathu, dúirt 38 leanbh (3.8%) gur cheannaigh siad. 

D’fhoilsigh an Rialálaí torthaí an taighde sa bhliain 2019 agus dúirt sí:

“Leis an Acht um Chrannchur Náisiúnta, 2013, toirmisctear táirgí Crannchuir Náisiúnta a dhíol le mionaoisigh, agus tá cóid chleachtais i bhfeidhm chun a chinntiú go gcloítear leis an gcoinníoll sin. Léirítear i bhfionnachtana an taighde ar choimisiúnaigh m’Oifig é nach maith go leor atá comhlíonadh reatha na gcód sin san earnáil mhiondíola.  Cuid thábhachtach den sainchúram atá orm mar Rialálaí is ea a chinntiú go reáchtáiltear an Crannchur Náisiúnta leis an gcuibheas cuí agus táim ag déanamh idirchaidreamh le PLI chun a chinntiú go dtéitear i mbun gnímh go mear chun go gcomhlíonfaidh na Miondíoltóirí uile na hoibleagáidí atá orthu agus go gcuirfidh PLI feabhas suntasach ar a fhaireachán sa todhchaí ar Mhiondíoltóirí a dhíolann táirgí Crannchuir Náisiúnta.”

Mar thoradh ar choimisiúnú agus foilsiú an taighde sin, spreagadh an tOibritheoir chun bearta nua a chur chun feidhme chun a chinntiú nach ndíolfaí táirgí Crannchuir Náisiúnta le mionaoisigh. Áiríodh leis sin feachtas “Smaoinigh 21” agus cleachtaí tráthrialta rúnsiopadóireachta a chur chun feidhme, ar nithe iad atá ar siúl fós.

Is féidir mionsonraí iomlána faoin taighde agus faoi na fionnachtana a aimsiú sa nasc thíos.

Rúnsiopadóireacht faoi Aois, 2018