Sa bhliain 2024, choimisiúnaigh an Rialálaí an dara píosa mórthaighde neamhspleách dá chuid chun a scrúdú conas a bhí earnáil miondíola na hÉireann ag comhlíonadh na rialacha lena rialaítear díol táirgí Crannchuir Náisiúnta le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Is é cuspóir an chleachtaidh taighde sin a thástáil cé acu is leor nó nach leor na bearta a dhéanann an tOibritheoir chun cosc a chur ar leanaí táirgí Crannchuir Náisiúnta a cheannach.

Leis na fionnachtana, tugtar don Rialálaí slat tomhais chomparáideach thábhachtach ón mbliain 2018 go dtí an bhliain 2024 chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na ngníomhartha a rinne an tOibritheoir go dtí seo chun feabhas a chur ar chomhlíonadh sa réimse tábhachtach sin i measc miondíoltóirí agus chun measúnú a dhéanamh ar aon ghníomhartha a dhéanfaidh sé sa todhchaí. 

Cé go raibh formhór na miondíoltóirí lánchomhlíontach, is do-ghlactha go fóill atá an céatadán de mhiondíoltóirí nach raibh ag cur na rialacha chun feidhme i gceart.  Chuir an Rialálaí ceanglas ar an Oibritheoir gníomhartha níos déine a dhéanamh chun méadú a bhrú chun cinn ar chomhlíonadh an dlí i measc a chuid miondíoltóirí.

Leis an Acht um Chrannchur Náisiúnta, 2013, toirmisctear táirgí Crannchuir Náisiúnta a dhíol le haon duine faoi bhun 18 mbliana d’aois. Sainordaítear leis na Cóid Chleachtais faoin gceadúnas go mbeadh comharthaíocht ar taispeáint ag gach miondíoltóir á léiriú nach mór d’imreoirí a bheith ‘18+’ chun cluichí Crannchuir Náisiúnta a cheannach agus go mbeadh an chomharthaíocht sin suite in áit atá le feiceáil ón díolphointe. Ina theannta sin, ní mór do gach ball foirne miondíola cloí le cleachtas ‘Smaoinigh 21’ agus aitheantas fótagrafach a iarraidh ar gach duine a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad faoi bhun 21 bhliain d’aois.

Ag labhairt di faoi na fionnachtana, dúirt Carol Boate, Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta:

“Léiríonn ár gcleachtadh rúnsiopadóireachta go soiléir gur féidir feidhmíocht a fheabhsú go mór go fóill maidir le haois a cheistiú agus maidir le diúltú táirgí a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois. Beag beann ar an dul chun cinn a rinneadh, is ábhar imní dom go raibh beagnach trí cinn as gach 10 siopa ar tugadh cuairt orthu fós sásta táirgí nach bhféadfar a dhíol go dleathach ach le daoine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine a dhíol le mionaoisigh.

“Ní mór do mhiondíoltóirí diúltú go hiomlán táirgí aoisteoranta a dhíol le leanaí, agus is gá do gach miondíoltóir de chuid an Chrannchuir Náisiúnta déanamh amhlaidh.

“Is ábhar misnigh dom, áfach, go ndearnadh dul chun cinn ar aitheantas a iarraidh ó rinneadh ár gcleachtadh rúnsiopadóireachta roimhe sa bhliain 2018, agus formhór na mball foirne miondíola ag iarraidh aitheantas go réamhghníomhach ar ár gceannaitheoirí tástála faoi aois.

“Beidh mé ag dul i dteagmháil le PLI, oibritheoir an Chrannchuir Náisiúnta, faoi na bearta eile is féidir leis a dhéanamh chun feasacht agus comhlíonadh a mhéadú i measc a chuid miondíoltóirí, agus na roghanna uile atá ar fáil á mbreithniú agam chun cabhrú linn a shocrú nach bhféadfaidh aon leanbh in Éirinn táirge Crannchuir Náisiúnta a cheannach.”

Chun tacú leis an obair sin, d’fhoilsigh an Rialálaí freisin comhairle do thuismitheoirí agus caomhnóirí maidir le conas labhairt lena leanaí faoi tháirgí Crannchuir Náisiúnta agus cén fáth nach bhfuil na táirgí sin oiriúnach ach do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois.

Is féidir mionsonraí iomlána faoin taighde agus faoi na fionnachtana a aimsiú sa nasc thíos.

Rúnsiopadóireacht faoi Aois, 2024