1. Go reáchtálfar an Crannchur Náisiúnta leis an gcuibheas uile is cuí.
2. Go ndéanfar leasanna rannpháirtithe a chosaint.
3. Go ndéanfar inchothaitheacht fhadtréimhseach an Chrannchuir Náisiúnta a chosaint.
4. Go mbeidh cistí dea-chúiseanna chomh mór agus is féidir i dtimpeallacht shábháilte dhea-rialáilte.
5. Go mbainfidh rialachas Oifig an Rialálaí an caighdeán is airde is féidir amach.
Úsáidfear gach gníomh ar bhealach ina gcuirfear san áireamh an timpeallacht reatha ina mbeidh formhaoirseacht rialála ar an gCrannchur Náisiúnta á déanamh.
Díreoimid sa tréimhse straitéise seo ar leas a bhaint as acmhainní digiteacha nua ar féidir leo tacú, ar bhealach cuí slán, le hOifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta a bheith éifeachtach agus éifeachtúil. Áirítear leis sin cur leis an gcumas atá ag Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta faireachán a dhéanamh tríd an teicneolaíocht ar an bhfógraíocht agus an cur chun cinn ar líne a dhéanann an tOibritheoir. Leanfaimid le coinneáil cothrom le dáta le teicneolaíochtaí agus deiseanna nua crannchuir agus lena bheith san airdeall ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar dhlíthe nua maidir le seirbhísí digiteacha. Doimhneoimid ár gcaidreamh le rialálaithe crannchuir i ndlínsí eile ar mhaithe le ceachtanna a fhoghlaimítear sa réimse seo a chomhroinnt agus a chur i bhfeidhm.
Cuirtear fáilte roimh nuálaíochtaí i gcás go gcinntíonn siad spéis leanúnach an phobail i gcluichí Crannchuir Náisiúnta a imirt agus nach méadaíonn siad na rioscaí do leas imreoirí. Is é aidhm an Rialálaí go mbeidh bearta cuí i bhfeidhm chun an Crannchur Náisiúnta agus imreoirí a chosaint ar úsáid mhí-oiriúnach teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear intleacht shaorga, agus ar chibirionsaithe. Leanfaimid leis an Oibritheoir a chur faoi réir an chaighdeáin is airde is féidir maidir le cleachtais fhreagracha chearrbhachais, lena n-áirítear trí chleachtaí rúnsiopadóireachta a úsáid. Chomh maith leis sin, féachfaidh an Rialálaí lena chinntiú, de réir mar a thosaíonn tuilleadh imreoirí ag imirt an Chrannchuir Náisiúnta ar líne, go leanfar le tacaíocht a thabhairt do mhiondíoltóirí áitiúla sa ról lárnach atá acu maidir lena bhfuil i ndán don Chrannchur Náisiúnta.
Bíonn sé ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí go dtuigfeadh an pobal i gcoitinne cé chomh dlúth agus chomh dian agus a rialáiltear an Crannchur Náisiúnta. De réir mar a bhogann an Stát i dtreo an tionscal cearrbhachais ar líne a rialáil den chéad uair riamh, agus an tÚdarás Rialála Cearrbhachais le bunú sa bhliain 2025, tá sé ríthábhachtach go ndearbhófaí d’imreoirí Crannchuir Náisiúnta agus don phobal i gcoitinne go bhfuil an Crannchur Náisiúnta á rialáil go dian le breis agus deich mbliana anuas. Mar sin, cuirfidh an Rialálaí feabhas ar chumarsáid le geallsealbhóirí, agus méadóidh sí infheictheacht na hoibre a dhéanann a hOifig trí dheiseanna cuí caidrimh.
Nuair a uasmhéadaítear na cistí a chruinnítear le haghaidh Dea-Chúiseanna ó dhíolacháin an Chrannchuir Náisiúnta, méadaítear an líon tionscadal, saoráidí agus gníomhaíochtaí a bheidh ar fáil do mhuintir na hÉireann. Agus é de chúram uirthi an Crannchur Náisiúnta, ar sócmhainn luachmhar stáit í, a chosaint, leanfaidh foireann Oifig Rialálaí an Chrannchuir Náisiúnta le cleachtais láidre chuntasaíochta agus rialachais a chur i bhfeidhm agus tabharfaidh sí tosaíocht i ngach cás do leasanna imreoirí agus do chlú fadtréimhseach an Chrannchuir Náisiúnta, agus ní do ghnóthachain airgeadais ghearrthréimhseacha.
Tá ráitis straitéise roimhe ar fáil anseo: